
Fáilte curtha “go faichilleach” roimh nuacht Shráid Synge – Aengus Ó Snodaigh TD
20 March 2025
Chuir urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta agus Ealaíon Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte “go faichilleach” roimh an nuacht go mbeidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil ag daltaí dara leibhéal i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 i mí Mheán Fómhair 2026 de réir comhaontú idir Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice agus an Roinn Oideachais.
Dúirt an Teachta Dála áitiúil ar son Baile Átha Cliath Lár Theas:
“Fáiltíonn Sinn Féin roimh an scéal go mbeidh oideachas trí Ghaeilge ag daltaí ag dul ar aghaidh ón nGaelscoil go dtí céad bliain na hiarbhunscoile i 2026, mar a bhí geallta dóibh san fhómhar seo caite.
“Aithníonn muid áfach go bhfuil dúshláin fós le sárú, agus is mór an trua an dochar a rinne an t-iarAire Oideachais Norma Foley do mhuinín na múinteoirí agus i measc foireann na scoile leis an easpa comhairliúcháin agus foláireamh a bhí tugtha roimh an fógra a rinne sí ag an am.
“Molaim don Aire Oideachais nua Helen McEntee bualadh leis an mbrúghrúpa Gaelcholáiste 2468 gan mhoill chun an comhaontú seo a phlé leo.
“Tá súil againn go n-éireoidh leis an Roinn Oideachais agus leis an bpátrún teacht timpeall ar na dúshláin chun a chinntiú go mbeidh tumoideachas iomlánaíoch lánGhaeilge ar fáil do dhaltaí i ndeisceart na cathrach, mar atá de dhíth orthu agus de cheart acu.
“Bhí díomá ar dhaoine fud fad na tíre le linn Seachtain na Gaeilge nuair ar vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael i gcoinne an ceart a aithint do gach leanbh tumoideachas lánGhaeilge a fháil, de réir mar a mhol Sinn Féin.
“Tréaslaím leo siúd atá ag obair chun Gaelcholáiste a bhaint amach sa cheantar, agus i gceantair eile sa tír, agus leanfaidh mé féin agus mo chomhghleacaithe Sinn Féin Máire Devine TD agus an Seanadóir Chris Andrews ag seasamh suas ar son Gaelcholáiste do BÁC 2, 4, 6 agus 8.”