English
Shop National Draw Join Us

Fáilte roimh an maoiniú do pinsin, ach cur chuige nua ag teastáil don Fhoras – Aengus Ó Snodaigh TD

10 April 2025

D’fháiltigh urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, agus Ealaíon Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, roimh chinneadh an Rialtais o Dheas íoc as costais stairiúil pinsin a bhain le Bord na Gaeilge chun stop a chur leis na ciorruithe fógartha ag Foras na Gaeilge, ach d’éiligh sé cur chuige nua maidir le maoiniú an eagras tras-teorainn.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

“Cuireann Sinn Féin fáilte roimh chinneadh an Rialtas i mBaile Átha Cliath íoc as na costais pinsin a bhain le Bord na Gaeilge. Is ait an rud é nach raibh an Stát ó Dheas ag íoc as fiacha cothaithe ag an Stát seo roimh cruthú an Fhorais nua faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta go dtí seo, ach is maith an rud é go bhfuil réiteach gearr-téarmach aimsithe anois a ligfidh don Fhoras gan na ciorruithe a bhí bagartha a chur i bhfeidhm.

“Caithfear a aithint, áfach, go bhfuil gá le cur chuige nua don Fhoras má táimid dáiríre faoi cur chun cinn na Gaeilge fud fad na tíre. Teastaíonn i bhfad Éireann níos mó maoiniú chun tacú leis na scéimeanna forbartha líonraí Gaeilge ag leibhéal an phobail, agus leis na ceanneagraíochtaí, tar éis 20 bliain dí-infheistíochta.

“Agus beocht nua faoin athbheochan teanga le sonrú, go háirithe i measc an aos óg, teastaíonn maoiniú breise anuas ar an méid a bhí ag teastáil chun na ciorruithe a cheartú, chun tacú le fás na teanga.

“Tá súil agam go leanfaidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag lorg réiteach fad-téarmach ar an ngéarchéim dí-infheistíochta seo, agus guím gach rath ar na comhaltaí ceaptha ar Bhord an Fhorais chun cás na Gaeilge a bhrú agus cinntiú go sroicheann an t-airgead iarrachtaí pobalbhunaithe gan mhoill.”

Share on social media