English
Shop National Draw Join Us

Is spreagadh eile don Ghaeilge é comharthaíocht dhátheangach ag an Mórstáisiún Bhéal Feirste – Reilly

24 March 2025

Tá fáilte curtha ag Aisling Reilly, MLA roimh fhógra ó Liz Kimmins, an tAire Bonneagair go mbeidh an Ghaeilge ar fáil agus le feiceáil go luath ag Mórstáisiún Bhéal Feirste.

Cuirfear an teanga san áireamh ar chomharthaíocht fhisiciúil ag an mol iompair chomh maith le meaisíní ticéid ar fud an tuaiscirt.

Cuirfear na hathruithe i bhfeidhm mar chuid de na hoibreacha deiridh chun an stáisiún a chríochnú.

“Is céim eile chun tosaigh é inniu don Ghaeilge agus don chomhionannas inár gcathair tar éis an fhógra le déanaí maidir leis an phróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh,” a dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí.

“Tá sé tábhachtach, de réir mar a leanann an teanga ag bláthú, go dtacaímid lena fás agus go gcinntímid go bhfuil sí inrochtana agus infheicthe ar fud na sochaí.

“Tá Sinn Féin tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn agus a chinntiú gur féidir leis an teanga leanúint ar aghaidh ag dul ó neart go neart.” 

Bilingual signage at Grand Central Station another boost for Irish language – Reilly  

Sinn Féin MLA Aisling Reilly has hailed an announcement from Infrastructure Minister Liz Kimmins that the Irish language will soon be available and visible at Belfast’s Grand Central Station.

The language will be included on physical signage at the transport hub as well as on ticket machines across the north.

The changes will be implemented as part of the final works to complete the station.

“Today represents another step forward for the Irish language and equality in our city following the recent announcement on the process to appoint an Irish Language Commissioner,” said the party’s Irish language spokesperson.

“It’s important that, as the language continues to flourish, we support its growth and ensure it is accessible and visible across society.

“Sinn Féin is committed to promoting as Gaeilge and ensuring the language can continue to thrive and go from strength to strength.”

Share on social media